1. |
Pádraig Mac Ruairí
03:47
|
|||
PÁDRAIG MAC RUAIRÍ
A Phádraig 'ig Ruairí, a chorp an duine
uasail,
Go mairidh tú go buan in do shláinte;
Gur i dToraigh ó thuaidh tá deagh-mhac a' tsuaircis
A mbíonn loingeas go buan aige 's bádaí.
Ní fá chladaigh go suarach ba mhian leis a bheith
'gluaiseacht,
Acht ag tarraingt go cuantaí na Spáinne;
Tá 'n cabhlach sa ruaig air, is a' lámhach anuas leo,
'S ní bheirfear i gcruaidhtean ar Phádraig.
Tá Paidi agus Éamonn Ó Dubhagáin na féile
Ag imtheacht araon un na Frainnce,
Tá'n slúp leobhtha gléastaí faoi n-a chuid éadaigh
Ag tarraingt fá fhíon agus brandaigh.
Cé 'r bh'iongnadh linn Pádraig le earradh na Spáinne
Theacht chugainn ar sáile go cinnte,
'S go bhfuil a chliamhain ag tráchtáil ag siubhail fríd
na náisiúin,
Ag déaláil le Spainnigh 's le Franncaigh.
Níl aon áit i Roinn Eórpa a mbí fairs'ngeacht is
foghnamh
Nach mbíonn againn i gcomhnuidhe in am amhgail
=amhgair;
Is coimrigh Ríogh 'n Domhnaigh 'r scoith na bhfear
cródha
Le linn gaoithe móire nó dáinséir.
Tá coirce agus eorna comh fáirsing le mónaidh
Aniar ó Ghaoth Dóir go dtí 'n gleann seo;
Bhéarfaidh Pádraig go leor as Conndae Mhuigheo
'S ní bhéidh orainn brón ins a' tsamhradh.
Ar a thilleadh as géibhionn dí is ró-dheas a' péarla,
Deallradh ón ghréin uirthi timcheall;
Nárbh aoibhinn an áit a bheith ag muileann na sclátaí,
Is ólfa muid ar sáith ann go cinnte.
Tá fáilte ag na céadtaí un a cában ar féasta,
Is í sínte ag an chéidh maidin shamhraidh;
Tiocfaidh chugainn 'un a' bhadhúin siúcra agus cláraí,
Lasta rum láidir, agus brandaigh.
Tá 'n stór aici líonta de'n bheoraigh is daoire,
Rum, brandaigh, is fíontaí na Spáinne;
Tá bádaí na tíre ag tarraingt go líonmhar
Ag ceannacht ina saoirse ó Phádraig.
A Nansaigh tá'n chraobh leat i dToraigh go síorruidhe,
Is éireóchaidh an saoghal úr go breágh leat;
Níor lugha le Caitríona, bean Éamoinn a chroidhe
mhóir,
Nó 's aici tá aoibhneas na háite.
|
||||
2. |
Mo chreach, a shiúr
04:59
|
|||
Mo chreach, a shiúr
Mo chreach, a shiúr, gan mé ’gus tú
i gCúige Mumhan in éineacht,
nó insa Triúcha maidin driúchta,
is gan fios ar rúin ag aoinneach,
’baint an tsú craoibh maidin chiúin,
’baint cnó is úllaí de ghéaga,
is gan leabaidh fúinn ach féar is caonach
is duilliúr cumhra mar éadach.
Bheirim móide le mnáibh na Fódla -
nuair is bréag is cóir a chur in iúl dóibh;
an darna móide le cailín ródheas
a ligfeadh a clóca ar a súile;
an tríú móide gan fiú na póga
nach dtabharfainn dóibh mar dhúthracht;
an ceathrú móide gan scaradh leofa
go dtiocfadh an bás do mo chuartú.
Ise
Ná tabhair do mhóide choíche go deo
do mhaighre mhómhar na mbánchíoch,
is gur idir do dhá láimh ba dhá chéad fearr liom
ná bheith i bParthas naofa.
Ach ós amhlaidh atá, bhéarfainn searc is grá duit
dá ligfeá ar gcúl do thréarthaí,
is go bhfuil cách dá rá liom go suífeá ar clár
is gan bonn in do láimh lena réacan.
Bheirim duit páirt níos binne ná an chláirseach
go dtiocfaidh an bás is go n-éagaim;
agus seo mo lámh duit go bhfuil mé i ngrá leat
is nach ndéanaim d’athrú mar chéile.
Mar an eala bhán ar an loch ag snámh
atá do phíob is do bhráid, a chéadsearc,
mo chreach is mo chrá nach bhfuil mé is tú dálta
i ngleanntán fásaigh nó sléibhe.
|
||||
3. |
Caisleán na Finne
04:19
|
|||
Caisleán na Finne.
I gCaisleán na Finne ’gcois imill an chuain
tá an eala a thug buaidh ar áille;
’s a Rí na Cruinne, a bheir binneas don chuaich,
tabhair gile gan ghruaim don stáidbhean.
Tá déid mar an sneachta aici nó an eala ar an tuinn,
’s a gruaidhe mar rósaí i ngáirdín,
malaidh chaol donn mar scríobhfaí le peann,
’s de fhíorscoith na n-ómra a d’fhás sí.
Gheobhaidh tú scríofa i mbórdaí an Rí
go dtug sí an chraobh go hÉirinn;
go bhfuair sí an chraobh ar mhnáibh an tsaoil
agus buaidh gach cluiche dá dtéid léithe.
I dtosach sa ród a shiúlfadh a cóiste
ar eachraidh óga ag léimnigh,
ar uaisle na nGall gur bhain sí an geall
de mhac rí dealbhtha déidgheal.
A bhruinneall an óir, a bheir an choinneal ón tslógh,
beir solas fríd shluaite an chabhlaigh;
gealach na scuab ’s a mhatalang gruama,
croí gan chruas gan amhras.
Is gearr go dtillidh sí chugainn aníos
ar uaislibh ríogh gan ungadh,
le maise is le méin is le beacht a guth béil,
is ar easbhaidh ní fhéadaim-sa a innse.
Éirigh, a shiúr, is déan réidh ’un tsiúil,
is tréig an chlúid seo d’Éirinn;
is lig do rún liom féin ar dtús,
is ní bheidh ort cumhaidh nó buaireamh.
’Áilleagáin úir na gcuirnín dlúth,
a bhfuil maise is snó na gréin’ ort;
a ghile gan smúid, níor thuirseach mé ag siúl,
dá bhfeicinn i dtús gach lae thú.
Bhí ceathrar is céad ag seinm ar téad
ar theaghlach Uí Néill i bpárlar,
is bhí ceiliúr na n-éan ar bharraibh na gcraobh
ag seinm is ag méadú dántaí;
bhí an fiagaí fionn is a ghadhairín donn
ag seilg i ngleanntaí fásaigh,
is níl iasc ar Fhinn nár thóg a gcinn
tráth a chuaidh sí uainn thar sáile.
|
||||
4. |
Rachainn fán choill leat
04:55
|
|||
Rachainn fán choill leat
Rachainn fán choill leat, a mhaighdean na n-órfholt,
ag féachaint ar éanlaith ’s ag éisteacht a gceolghob,
beidh fidil ag caoinche, beidh píop ag an smólach,
londubh ag cur canadh le cláirsigh go ceolmhar.
Beidh liú ag an dreolán is orgán ag céirseach,
an fhuiseog ’s an meantán ’s a dtiompán go gléasta,
an gealbhan sa tom glas is a thrumpa ina bhéal-san,
ag bualadh poirt damhsa le hansacht a chléibh’ duit.
Beidh coilm agus fearáin ag crón lé chéile,
an truideog is an sacán go cóngarach ag léimnigh,
cuach bheag na craoibhe go silleadh dod’ fhéachaint,
gearrghoirt is traonach de shíor frat, a théagair.
Ó beidh an macalla inár n-aice-ne ag gáirí,
beidh na mná sí is bruighne ar a gcláirsigh,
beidh an uile ní frat dar mian leat, a chathaigh,
go deo na díle ní scaoilfidh mo pháirt leat.
Beidh dealramh na gréine ag sméideadh go drithleach
orainne ’féachaint trí ghéagaibh na coilleadh,
drúilíní ag súgradh, ba chiúl leat an t-uisce,
éisc agus dobhráin ag comhspairn go cliste.
An freagra
Ó rachaidh mé féin leat gan earradh go súgach,
ag féachaint is ag éisteacht na n-éan sin ag súgradh,
céad fearr liom féin sin ná féasta na cúirte;
a áilleáin, is a théagair, siúd mé leat gan diúltú.
|
||||
5. |
Tráthnóna beag aréir
04:32
|
|||
Tráthnóna Beag Aréir
Thíos i lár an ghleanna, tráthnóna beag aréir
agus an driúcht ’na dheora geala ina luí ar bharr an fhéir,
’s é casadh domhsa an ainnir ab áille gnúis is pearsa,
’s í a sheol mo stuaim ’un seachráin, tráthnóna beag aréir.
Curfá
Agus a Rí, nár lách ár n-ealaín ’ gabháil síos an gleann aréir,
ag éalú fríd an chanach agus ciúnas ins an spéir.
A rún mo chléibh’, nár mhilis ár súgradh croí ’s nár ghairid,
agus a Rí na glóire gile, tabhair ar ais an oíche aréir.
Dá bhfaighinnse arís cead pilleadh ’gus labhairt le stór mo chléibh’,
nó dá bhfaighinnse buaidh ar an chinniúint, cér mhiste liom fán tsaol?
Shiúlfainn leat fríd chanach, fríd mhéilte ar chiumhais na mara,
agus dúiche Dé go gcaillfinn go bpógfainnse do bhéal.
|
||||
6. |
Dónall Ó Maoláine
05:05
|
|||
Dónall Ó Maoláine
Idir Caiseal agus Úrchoill a tharlaigh orm an chúlfhoinn
is í go ró-mhúinte gabhail tharaim insa ród;
rug mé greim cúil uirthi agus leag mé ar an driúcht í
agus d'fhág mé a croí brúite aici is í ag sileadh na ndeor.
Bliain ón lá sin a tharlaigh orm an stáidbhean
Is í go rómhúinte gabhail tharaim insa ród;
rug sí greim láimh’ orm agus chuir sí romham fáilte:
‘Is caidé mar ’tá do shláinte a ógánaigh óig?’
‘Seo litir ó m’athair agus beannacht ó mo mháthair
’s bí ag teacht chun na háite seo feasta níos mó,
gheobhaidh tú na táinte agus ór buí ina mhámaí
ach mise a bheith ar láimh leat an fhad is bhéas mé beo.’
‘Órú, leoga, maise a pháiste, ba doiligh dom a rá leat
sin athrú nach ndéanfainn ar chúig mhíle bó
ach ab é go bhfuil mé geallta le bliain mhór agus ráithe
leis an níon sin de Chlann Uí Dhálaigh as Contae Mhaigh Eo.’
‘Órú imigh agus déan sin, dheamhan a miste liom féin é,
ní folamh atá Éire, tá fir eile le fáil,
is feasach domh céile nach nglacfadh pingin spré liom
ach a ghlacfadh mé i mo léine - cé nach folamh atáim.’
Ar an bhaile seo tá an chúilfhinn, is í an mhaighre dheas mhúinte í
is í an bhruinneall í is suáilcí ’á dtáinig ó mhnáibh,
is í mo shearc í, is í mo rún í, is í m’ansacht go buan í
is í an samhradh san fhuacht í idir Nollaig is Cáisc.
|
||||
7. |
Síle Bhán Ní Shléibhín
03:25
|
|||
Síle Bhán Ní Shléibhín
(An Gael)
Thug sí deoch don bhrandaí dom
is d’fhág sí m’intinn buartha,
nuair a smaoitím ar an chomhrá chaoin
’rinne cúl buí casta craobhach;
chan fhuil aon áit a bhfeictear í
nach dtugtar cion is spéis di,
is grá is cion go dtug mé féin
do Shíle Bhán Ní Shléibhín.
(An Gall)
’Gabháil amach ar maidin dom,
is gan orm ach mó léine,
casadh liomsa ainnir óg
’s í ag ionsaí mhalaidh an tsléibhe;
scairt mé ar na madaidh úd,
is dhreasaigh mé ina diaidh iad,
cha dtéid sí go Connachta
gan cuideachta mhaith léithe.
(An Gael)
Mur’ dtéid sí go Connachta
gan cuideachta mhaith léithe,
gléasfaidh mé mo churach beag
go gcuiridh mé thar an Éirne í;
beidh scéala romhaim sa bhaile
sula mbainfear cnó nó sméar ann
go mbeidh mé pósta ceangailte
ar Shíle Bhán Ní Shléibhín.
(An Gall)
Is mór liomsa a mholas tú
a Shíle Bhán Ní Shléibhín;
’s í an cailín amháin is bealaith’ í
dá bhfuil ó neamh go hÉirne;
tá éadan crupthaí crapthaí aici,
is mairg a gheobhadh mar chéile í;
is dá bhfaighinnse i Leitir Ceanainn í
go scaoilfinn féin na gadhair léi.
(An Gael)
Tá tú bréagach, beadaí,
chan mar sin atá mo chéile,
ach súgach, séimhithe, carthannach,
is dar liom gur deas an scéimh í.
Níl laoch óg a bhfeicfeadh í
nach dtabharfadh cion is spéis di,
agus grá is cion go dtug mé féin
do Shíle Bhán Ní Shléibhín.
(An Gall)
Caidé do ghnaithe ’un seisiúin
is gan agat focal Béarla?
Chan bhfaighfeá féin cead labhairt ann
le cás ar bith a phéideáil.
Tá sé ins an tairngaireacht,
(’s is minic mé á léamh ann)
gur mise féin an t-oighre ceart
ar Shíle Bhán Ní Shléibhín.
|
||||
8. |
Tiocfaidh an samhradh
04:29
|
|||
Tiocfaidh an samhradh
Tiocfaidh an samhradh agus fásfaidh an féar
tiocfaidh an duilliúr glas ar bharr na gcraobh
tiocfaidh mo rúnsearc le bánú an lae
agus buailfidh sí tiúin suas le cumhaidh i mo dhiaidh.
Is óg ’s is óg a chuir mé dúil i ngreann
dhéanfainn súgradh le mo rún ar faill
níl baile cuain ar bith a ngluaisfinn ann
nach bhfaighinn maighdean óg dheas a shiúlfadh liom.
Spleoid ar an fharraige mar is í atá mór
is í atá a’ gabhail idir mé is mo mhíle stór
d’fhág sí ar an bhaile seo mé ag déanamh bróin
is gan aon tsúil chasta agam a choíche níos mó.
Nach deas an cailín í stór mo chroí
nach méanair don fhear óg a phósfas í;
tá séan ó Mhuire uirthi agus grá ó Chríost
ach mo mhallacht don athair a rinne sclábhaí di.
Scairt mé aréir ag an doras thall,
scairt mé arís ar mo rún go teann
’s é dúirt a daidí liom nach raibh sí ann
ná gur éalaigh sí aréir leis an bhuachaill dhonn
Shiúil mé thoir agus shiúil mé thiar
shiúil mé Corcaigh agus Baile Átha Cliath
shúil mé an baile seo faoi dhó le bliain
á hiarraidh, mo stóirín a bhain díom mo chiall.
|
||||
9. |
Cluiche an bháis
03:10
|
|||
Cluiche an Bháis
Tháinig an bás go fáilí chugam ar cuairt,
chraith sé lámh liom ‘Bí sásta ’nois tháinig an uair,
tá mé ’do pháirt is go bráth ní scarfaidh mé uait
go bhfágfaidh mé do chnámha ag do chairde sínte san uaigh.’
‘Is mór an t-iontas go dtug tú domh spéis nó gean,
do dhuine mar mise nach bhfuil aige spré le roinn;
gan bhó, gan ghamhain, gan chaora, gan feoil, gan saill,
is gan ní ar bith ar an domhan ach briathra cinn.
‘Óch, a Chonaill, a chléibh, a ghaoil na bhfear a bhí sámh,
ná lig mise síos go síoraí faoi scríb anois leis an bhás,
le gadaí an ghoib chaoil, a bhfuil nimh ar gach ribe dá bharr,
teacht mar a bheadh daol ann a scríobadh croiceann is cnámh.’
Thoisigh an cluiche agus phreab mo chroí gan stad,
bhí mé buartha go ndéanfadh an t-ainspiorad slad,
Tír Íochtar, Tír Uachtar charbh fhios dom cá raibh mo thriall,
bhí na madaí ag tafann is nochtaidh an diabhal a chár.
‘Ó! ’bhfaca sibh an t-iontas mar sheasaigh mé an oíche agus an lá
le rí na gcearrbhach ag imirt ó oíche go lá?
Bhí sé ag cur cluiche go dtáinig an t-aon le clár
himríodh an chuileat is ní raibh na cúig mhéar le fáil.’
|
||||
10. |
Beatha Úr
04:09
|
|||
Seo na focail lena dtoiseann sinn
beatha úr le dóchas is grá.
seo na gealltanais a choinníonn sinn
in ainneoin ama, meath nó báis.
Seo na beola lena bpógann sinn
ag cur lenár stór sástachta is áidh.
Seo na súile lena gcoimheádann sinn
An ghrian ag dul faoi is an gealach lán.
Seo na cosa lena siúlann sinn
ó bhealtaí ísle go réalta ard’.
Seo an talamh ina gcuireann sinn,
A bhí roimh seo folamh agus bán.
Seo an baile ina siúlann sinn
i gcumann ag gáire ar gach sráid.
Seo na háiteacha a dtéann sinn
is sinn ag siúl, do lámh i m’ láimh.
Seo an leabaidh ina bhfaigheann sinn
sásamh oíche go briseadh lae.
Seo an t-éadach geal len’ seolann sinn
ónár mbaile anseo go áit thar chrá.
Seo na fáinní óir a bheir sinn,
Nach mbristear gidh go rithfear gach rás.
Seo an grá gan smál atá eadrainn
a bheochas gach abairt, rann, is dán.
|
||||
11. |
Bean an fhir ruaidh
04:46
|
|||
Bean an Fhir Ruaidh
Ó is táilliúr óg aerach mé ’ deanamh éadaigh i dtigh an fhir ruaidh
nó go dtug mo chroí spéis dona béilín meala gan ghruaim
agus thug mo chroí spéis dona béilín ba bhinne ná an chuach,
is a charad mo chléibh, dá n-éalófa liom ón fhear rua.
Nuair a théim suas ar cuairt go Contae na Mí
is cluinim an fear rua á luadh le rúnsearc mo chroí,
nuair a chluinim ní fhaighim suaimhneas ná néal de chodladh na hoích’
’s gurb í bean an fhir ruaidh a rinne gual domhsa in aice mo chroí.
A bhruinneall gan smál a bhfuil na dealraíocha deasa in dó ghruaidh,
an fiosach thú a fhiafraí caidé a chloífeadh aigneadh an fhir ruaidh?
Ní iarrfainnse aon spás ar an Ardrí atá i bhFlaitheas na Naomh
ach an t-aon amharc amháin a fháil ar ghrá geal mo chroí.
Tá crann ins an gharradh a bhfásann air an bláth buí,
’s nuair a leagaim mo lámh air is láidir nach scoilteann mo chroí -
ní cheilfinnse ar aon neach caidé an fáth a bhfuil ormsa gruaim,
ainneoin eaglaise ’s Parthais ,’s í grá mo chroí bean an fhir ruaidh.
Dá gcuirfí mé síos i bpríosún dhubh dhorcha chruaidh,
na boltaí ar mo chaolchorp agus na mílte glas as sin suas,
órú d’éireochainn de rúchladh mar a d’éireochadh an eala ón chuan
Ar acht suí síos seal oíche le bean an fhir ruaidh.
|
||||
12. |
Beirt Bhéal Feirsteach
03:05
|
|||
Beirt Bhéal-Feirsteach
I mBéal Feirste chois cuain ag bruach na farraige,
tá beirt daoine uaisle tá stuama meanmnach,
a bhfuil a croidhe mar Ghuaire le suairceas is carthannacht,
Hó, ró, go raibh Dia leo go deo!
’S é is ainm don dís seo Laoghaire ’gus Somhairle,
Mac na Duibhe an saoi, is an Bríseach flaithiúil,
a bhfuil an fhuil is an uaisle ag suathadh ina gcuisleannaibh
Hó, ró, is bua go raibh leo!
Ó tháinig mé ar cuairt, i ruaig (’s níor b’annamh liom),
do fhéachaint na ngruagach bhí suailceach taitneamhach,
’s é fuair mé ina suí iad ag míniú starthacha,
Hó, ró, nár bhainidh dóibh gleo!
Tharraing Somhairle a phíopa air, bhí fídeogach fadchosach,
agus chuaigh sé dá líonadh den ní úd ab aite leis,
de luibh na mban-sí a bheir íce do chailleachaí
Hó, ró, s’ nach leis a bhí’n ró!
Ghlac mise saéite a mhéadú na cuideachta,
is líon mé mo dhuidín ghá dhiúrnadh in aice leo,
’s go sílfeá gur Francaigh bhí ’gCuan Charraig Fheargasa,
Hó, ró, nuair a d’éirigh an ceo!
Thoisigh na píopaí dá líonadh ar athbhabhta,
leis an mhaicní uasal, gan ghruaim gan tarcuisne,
agus chaith sinn an oíche sin gur ghlaoigh na coiligh ’lig,
Hó, ró, sin deireadh mo cheoil!
|
||||
13. |
Slán don leabhar
05:01
|
|||
Slán don Leabhar
An scoláire:
Is trua an scéal, a leabhairín ghrinn
tiocfaidh aimsir le do ré,
a mbeidh do scríbhneoir sínte i gcill,
is ar a chionn cuid mhór den chré.
Tiocfaidh an t-am, is ní fios cén fhad,
go ndeirtear leat: ‘is oth liom é
an té do scríobh tú fríd ar fad
go bhfuil i bhfeart, is nach maireann sé.’
Dá mairinn féin comh fada leat
i ndealbh, i ndréacht, i neart, is i ngné,
do bheifeá liomsa faoi mo bhrat,
’s níor bhaol leatsa sneacht’ nó gaoth.
Ansa liom in uaigneas thú
bheith liom i suairce, stair is greann,
ná cruit Mhic Mhanainn ba bhinne fuaim,
is seinm cuach i mbarraibh crann.
Cé nach é sin ar chumas fíor dom
a bheith a choíche leat i ngrá,
nárbh fhearr leat agam tar éis mo shaoil
nó ag daoi daor nach dtaitheann dán?
Ach mar maireadh aon seanchaí cóir,
tar, is cónaigh liom san úir,
d’eagla choíche go dtiocfadh an ló
tú a bheith i mbrón ag bodach búir.
An leabhar:
Níl mé gan searcas, a chara chroí,
is rachainn síos leat ins an chill,
ach go mb’fhearr duit mise ag neach sa gcrích
a bheadh ag guí ort le mo linn.
Is fíor duit sin, a shaothar na mbard,
is nuair a tharlaigh tú i mo dhiaidh,
can m’ainm, is iarr ar chách
guí go bhfaighinn Flaitheas Dé.
|
If you like Doimnic Mac Giolla Bhríde, you may also like:
Bandcamp Daily your guide to the world of Bandcamp